Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Aibreán 2025

22 Aibreán 2025

Cumarsáid sheachtrach

Tuarascáil Bhliantúil BCE, 2024

An 11 Aibreán 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh, 2024, a chuirfear i láthair Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 28 Aibreán 2025 in 23 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Nuashonrú ar stádas Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (CBCE)

An 10 Aibreán 2025 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire nuashonrú ar stádas thionscadal Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (CBCE). Tagann an nuashonrú sin tar éis chinneadh na Comhairle Rialaithe i mí Dheireadh Fómhair 2024 seoladh thionscadal CBCE a athsceidealú go dtí an 16 Meitheamh 2025 agus tar éis a hiarrata go gcoinneofaí ar an eolas go rialta í faoi stádas an tionscadail. De réir an nuashonraithe, a bhfuil scoithdháta aige ag deireadh mhí Feabhra 2025, bhí dul chun cinn maith á dhéanamh ag an tionscadal i dtreo an dáta cur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an bplean tionscadail a comhaontaíodh, agus léirigh torthaí na tástála a rinneadh iréimsí feidhmiúla uile CBCE go raibh dúshláin áirithe fós ann.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ó BCE maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear

Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le timthriall socraíochta níos giorra san Aontas

An 31 Márta 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/7 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Pharlaimint na hEorpa.

Tuairim ó BCE maidir le deireadh a chur leis na muirir a fhorchuireann soláthraithe seirbhísí íocaíochta nó iad a laghdú

An 31 Márta 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/8 arna hullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh as a stuaim féin.

Rialachas corparáideach

Moladh ó BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha Lietuvos bankas

An 4 Aibreán 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2025/11 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Lietuvos bankas.

Moladh ó BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha Latvijas Banka

An 4 Aibreán 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2025/12 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Latvijas Banka.

Staidreamh

Nuashonrú bliantúil ar liosta na ngníomhairí tuairiscithe sonraí grúpa a bhaineann le staidreamh maidir le sealúchais urrús

An 3 Aibreán 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an liosta nuashonraithe de ghníomhairí tuairiscithe sonraí grúpa a bhaineann le staidreamh maidir le sealúchais urrús. Ó 2016 i leith, tá nuashonrú á dhéanamh ar an liosta uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn na gcritéar cainníochta agus cáilíochta a leagtar amach in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1011/2012 (BCE/2012/24). Thug an banc ceannais náisiúnta ábhartha fógra d’eintitis a ndearna na hathruithe difear dóibh laistigh de 10 lá oibre tar éis dháta chinneadh na Comhairle Rialaithe de bhun Airteagal 8(2) de Threoirlíne BCE/2013/7 (gníomhairí tuairiscithe nua) agus chun críocha Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1011/2012 (BCE/2012/24) (gníomhairí tuairiscithe le baint).

Tuarascáil Cháilíochta 2024 maidir le cuntais airgeadais an limistéir euro agus na cuntais airgeadais ráithiúla náisiúnta

An 17 Aibreán 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an measúnú atá i dTuarascáil Cháilíochta 2024 maidir le cuntais airgeadais an limistéir euro agus na cuntais airgeadais ráithiúla náisiúnta, agus d’fhormheas sí a foilsiú. Sa tuarascáil dhébhliantúil sin, cuirtear anailís cháilíochta ar fáil ar aschur staidrimh an limistéir euro ina gcumhdaítear na gnéithe seo a leanas: (i) fóntacht mhodheolaíoch, (ii) tráthúlacht, (iii) iontaofacht agus cobhsaíocht, (iv) comhsheasmhacht inmheánach, agus (v) comhsheasmhacht/comhleanúnachas seachtrach le réimsí staidrimh inchomparáide eile. Beidh an tuarascáil ar fáil in am trátha ar shuíomh gréasáin BCE.

Maoirseacht baincéireachta BCE

Comhlíontacht BCE le Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) maidir le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun cur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais agus beart sriantach náisiúnta a áirithiú

An 11 Aibreán 2025 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt do ÚBE go bhfuil sé de rún ag BCE, maidir leis na hinstitiúidí suntasacha atá faoina mhaoirseacht dhíreach, Treoirlínte ÚBE maidir le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun cur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais agus beart sriantach náisiúnta a áirithiú a chomhlíonadh faoin 30 Nollaig 2025 (EBA/GL/2024/14 agus EBA/GL/2024/15).

Bunaítear leis na Treoirlínte seo comhchaighdeáin de chuid an Aontais maidir leis na socruithe rialachais agus maidir leis na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe ba cheart a bheith i bhfeidhm ag institiúidí airgeadais chun bearta sriantacha a chomhlíonadh. Tá na comhchaighdeáin sin ceaptha chun maolú a dhéanamh ar na difríochtaí suntasacha sna slite éagsúla a mbíonn na húdaráis inniúla ag dréim le comhlíonadh na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe sin ag na hinstitiúidí airgeadais, cé go ndéantar bearta sriantacha a leagan amach ar leibhéal an Aontais.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa