Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, 17 Aibreán 2025

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid seo.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh go ndéanfaí an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúraimid an seasamh i leith an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta.

Tá an próiseas díbhoilscithe ar an mbóthar ceart. Tríd is tríd, lean an boilsciú air ag forbairt de réir mar a bhí an fhoireann ag dréim leis. Tháinig laghdú ar an gcroí-bhoilsciú agus ar an mboilsciú foriomlán araon i mí an Mhárta. Tháinig laghdú mór ar bhoilsciú seirbhísí le roinnt míonna anuas freisin. Léiríonn an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh go socróidh an boilsciú ar bhonn leanúnach thart ar an sprioc mheántéarmach 2 % atá ag an gComhairle Rialaithe. Tá fás pá ag maolú, agus tá brabúis ag cur srian le cuid den tionchar ar an mboilsciú atá ag an bhfás mór pá atá ann i gcónaí. Tá seasmhacht an limistéir euro i gcoinne eachtraí domhanda gan choinne ag dul i bhfeabhas go pointe, ach tá an t-ionchas fáis ag dul in olcas de dheasca an teannais trádála atá ag dul i méid. Is dócha go laghdóidh an éiginnteacht bhreise sin an mhuinín atá ag teaghlaigh agus ag gnólachtaí. Is dócha freisin go mbeidh géarú ar dhálaí maoiniúcháin ann mar thoradh ar an bhfreagra diúltach luaineach a thug an margadh ar an teannas trádála. D’fhéadfadh na cúinsí sin cur as a thuilleadh don ionchas eacnamaíoch sa limistéar euro.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá againn. Go háirithe agus an éiginnteacht as an ngnáth atá ann faoi láthair, leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun an seasamh iomchuí i leith an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Is mór an méid éiginnteachta a ghabhann leis an ionchas eacnamaíoch faoi láthair. Tá bacainní nua ar thrádáil le sárú ag onnmhaireoirí an limistéir euro, cé go bhfuil scóip na mbacainní sin fós doiléir. Tá míshocrachtaí sa tráchtáil idirnáisiúnta, teannas sa mhargadh airgeadais agus éiginnteacht gheopholaitiúil ag cur isteach ar infheistíocht ghnó. Agus tomhaltóirí ag éirí níos faichillí faoina bhfuil i ndán dóibh, d’fhéadfaidís staonadh ó chaiteachas freisin.

Ag an am céanna, is ag neartú atá athléimneacht gheilleagar an limistéir euro i gcoinne suaití domhanda. Meastar fás a bheith tagtha ar an ngeilleagar sa chéad ráithe den bhliain, agus tá comharthaí cobhsaíochta á léiriú ag an earnáil monaraíochta. Thit an ráta dífhostaíochta go 6.1 % i mí Feabhra, an leibhéal is ísle ó seoladh an euro. Ba cheart go mbeadh margadh saothair láidir, fíorioncam níos airde agus tionchar ár mbeartais airgeadaíochta ina mbonn taca ag an gcaiteachas. Maidir leis na tionscnaimh thábhachtacha bheartais a seoladh le tamall anuas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun caiteachas cosanta agus infheistíocht sa bhonneagar a mhéadú, táthar ag dréim leis go dtiocfaidh borradh faoin monaraíocht dá mbarr, rud a léirítear freisin i suirbhéanna a rinneadh le déanaí.

Sa timpeallacht gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá sé níos práinní fós go mbeadh de thoradh ar na beartais fhioscacha agus struchtúracha go gcuirfí geilleagar an limistéir euro i riocht níos táirgiúla, níos iomaíche agus níos athléimní. Cuireann Compás Iomaíochais an Choimisiúin Eorpaigh treochlár nithiúil ar fáil le haghaidh gníomhaíochta agus ba cheart na moltaí atá ann, lena n-áirítear na moltaí maidir le simpiú, a ghlacadh go pras. Áirítear leis sin an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a thabhairt chun críche, de réir amchlár soiléir uaillmhianach; dá thoradh sin, ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann tairbhe a bhaint as deiseanna breise chun infheistíocht a dhéanamh agus ba cheart go dtiocfadh feabhas ar an rochtain atá ag gnólachtaí ar mhaoiniú, ar chaipiteal riosca go háirithe. Is den tábhacht é freisin an creat reachtach a bhunú go tapa chun an bealach a réiteach le haghaidh thabhairt isteach féideartha an euro dhigitigh. Ba cheart do na rialtais deimhin a dhéanamh de go bhfuil an t-airgeadas poiblí inbhuanaithe agus i gcomhréir le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus ba cheart dóibh tús áite a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha agus d’infheistíocht straitéiseach bhunriachtanach a mbeidh breis fáis mar thoradh orthu.

Boilsciú

D’ísligh an boilsciú bliantúil de bheagán, go 2.2 %, i mí Feabhra. Tháinig laghdú 1.0 % ar phraghsanna fuinnimh, tar éis ardú beag i mí Feabhra, agus d’ardaigh an boilsciú praghsanna bia go 2.9 % i mí an Mhárta, ó 2.7 % i mí Feabhra. Bhí an boilsciú earraí seasmhach – 0.6 %. Thit an boilsciú seirbhísí arís i mí an Mhárta, go 3.5 %, agus anois tá sé leathphointe céatadáin faoi bhun an ráta a taifeadadh ag deireadh na bliana seo caite.

Tá an chuid is mó de tháscairí an bhoilscithe bhunúsaigh ag tabhairt le fios go bhfillfidh an boilsciú ar bhonn leanúnach ar ár sprioc mheántéarmach, is é sin 2 %. Tá laghdú tagtha ar an mboilsciú intíre ó dheireadh 2024. Tá an ráta méadaithe pá ag maolú de réir a chéile. Sa ráithe dheireanach de 2024, b’ionann an fás bliantúil ar chúiteamh in aghaidh an fhostaí agus 4.1 %, laghdú ó 4.5 % sa ráithe roimhe sin. Toisc an táirgiúlacht a bheith ag dul i méid tháinig méadú níos moille freisin ar na costais aonad saothair. Léiríonn rianaire pá BCE agus faisnéis ónár dteagmhálacha le cuideachtaí go bhfuil laghdú tagtha ar an bhfás pá in 2025; léirítear é sin freisin i réamh-mheastacháin foirne mhí an Mhárta. Thit na brabúis aonaid de réir ráta bliantúil 1.1 % ag deireadh na bliana seo caite, agus chabhraigh sé sin le ráta níos ísle a bheith ann sa bhoilsciú intíre.

De réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 % nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le filleadh inbhuanaithe an bhoilscithe ar an sprioc atá leagtha amach againn.

Measúnú riosca

Tháinig méadú ar na rioscaí ar an taobh thíos atá ann don fhás eacnamaíoch. Is dócha go gcuirfidh an géarú mór ar an teannas trádála domhanda agus an éiginnteacht lena mbaineann isteach ar fhás an limistéir euro trí onnmhairí a mhaolú, rud a d’fhéadfadh an infheistíocht agus an tomhaltas a laghdú. Mar thoradh ar an meon i leith an mhargaidh airgeadais a bheith ag dul in olcas, d’fhéadfadh dálaí maoiniúcháin níos doichte agus col riosca níos airde a bheith ann agus d'fhéadfadh sé nach mbeadh gnólachtaí agus teaghlaigh chomh toilteanach céanna a bheith ag infheistiú agus ag tomhailt. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí é an teannas geopholaitiúil, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choinbhleacht thragóideach sa Mheánoirthear. Ag an am céanna, chuirfeadh méadú ar an gcaiteachas cosanta agus bonneagair leis an bhfás.

Tá an méadú ar mhíshocrachtaí sa trádáil dhomhanda ag cur leis an éiginnteacht i leith an ionchais boilscithe sa limistéar euro. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh praghsanna fuinnimh domhanda agus luachmhéadú an euro brú anuas ar an mboilsciú. D’fhéadfadh sé go dtreiseofaí ar an méid sin de bharr éileamh níos ísle ar onnmhairí an limistéir euro mar gheall ar tharaifí níos airde agus atreorú na n-onnmhairí isteach sa limistéar euro ó thíortha a bhfuil ró-acmhainneacht acu. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh freagairtí díobhálacha an mhargaidh ar an teannas trádála isteach ar an éileamh intíre, agus an boilsciú a laghdú dá réir sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh ilroinnt na slabhraí soláthair domhanda cur leis an mboilsciú trí phraghsanna allmhairiúcháin a mhéadú. D’fhéadfadh borradh faoin gcaiteachas cosanta agus bonneagair cur leis an mboilsciú sa mheántéarma. D’fhéadfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis teacht ar phraghsanna bia de dheasca adhaimsire agus na géarchéime aeráide atá ag teacht chun cinn i gcoitinne.

Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tháinig laghdú ar rátaí úis saor ó riosca mar fhreagairt ar an teannas trádála atá ag méadú. Tá laghdú tagtha ar phraghsanna cothromais de dheasca luaineacht mhór agus tá leathnú tagtha ar raonta difríochta bannaí corparáide ar fud an domhain. Neartaigh an euro le roinnt seachtainí anuas agus meon níos seasmhaí ag infheisteoirí i leith an limistéir euro ná mar atá acu i leith geilleagair eile.

Léiríonn na staitisticí oifigiúla is déanaí maidir le hiasachtaí corparáideacha, a eisíodh roimh an teannas margaidh atá ann anois, go bhfuil sé níos saoire do ghnólachtaí iasachtaí a fháil anois mar gheall ar na ciorruithe ar rátaí úis atá déanta againn. Tháinig laghdú ar an meánráta úis ar iasachtaí nua do ghnólachtaí go 4.1 % i mí Feabhra, síos ó 4.3 % i mí Eanáir. Tháinig laghdú go 3.5 % i mí Feabhra ar an gcostas atá ar ghnólachtaí i dtaobh fiachas margadhbhunaithe a eisiúint, ach bhí brú aníos ann le déanaí. Lena chois sin, tháinig méadú de réir a chéile go 2.2 % i mí Feabhra ar iasachtaí do ghnólachtaí, agus tháinig méadú ag ráta gan athrú de 3.2 % ar eisiúintí urrús fiachais.

Ag an am céanna, tháinig géarú beag ar na caighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí gnó arís sa chéad ráithe de 2025, mar a tuairiscíodh sa suirbhé is déanaí uainn maidir le hiasachtú bainc don limistéar euro. Mar a bhí sa ráithe roimhe sin, tháinig sé sin go príomha as an imní níos mó atá ar na bainc faoi na rioscaí eacnamaíocha atá ann dá gcustaiméirí. Tháinig laghdú beag ar an éileamh ar iasachtaí do ghnólachtaí sa chéad ráithe, tar éis téarnamh beag sna ráithe roimhe sin.

Maidir leis an meánráta ar mhorgáistí nua, a bhí ag 3.3 % i mí Feabhra, tháinig méadú air mar gheall ar mhéaduithe a bhí ann roimhe sin ar rátaí fadtéarmacha an mhargaidh. Lean an t-iasachtú morgáiste de bheith ag neartú i mí Feabhra, cé gur ag ráta íseal bliantúil de 1.5 % atá sé ag tarlú i gcónaí. Is é an chúis atá leis sin ná gur mhaolaigh na bainc a gcaighdeáin chreidmheasa agus go bhfuil méadú mór ag teacht i gcónaí ar an éileamh ar iasachtaí do theaghlaigh.

Focal scoir

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh go ndéanfaí an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúraimid an seasamh i leith an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá againn. Go háirithe agus an éiginnteacht as an ngnáth atá ann faoi láthair, leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun an seasamh iomchuí i leith an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa